Chuir Hadad Eizir teachtairí go dtí na hAramaeigh a bhí taobh thall den Abhainn agus bhailigh chuige iad. Thángadar go Haelám agus Seobác ceann feadhna arm Hadad Eizir a dtreorú.
Nuair a d'insíodar é sin do Dháiví, chruinnigh sé Iosrael go léir le chéile, agus ghabh thar an Iordáin agus tháinig go Haelám. Chuir na hAramaeigh cóiriú catha orthu féin in aghaidh Dháiví agus chuaigh i ngleic leis.
Nuair a chonaic na hAramaeigh gur bhris Iosrael orthu, chuireadar teachtairí uathu agus thionóladar na hAramaeigh ó lastall den abhainn, le Seofac, ceann feadhna arm Hadad Eizir, á dtreorú.