Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Samúéil 10:15

An Bíobla Naofa 1981

Ar fheiceáil do na hAramaeigh gur bhris Iosrael orthu, chruinníodar go léir le chéile.

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Nuair a chonaic na hAmónaigh gur theith na hAramaeigh theitheadar féin mar an gcéanna ó Aibísí agus isteach leo sa chathair. D'fhill Ióáb ansin ón gcogadh in aghaidh na nAmónach agus tháinig ar ais go Iarúsailéim.

Chuir Hadad Eizir teachtairí go dtí na hAramaeigh a bhí taobh thall den Abhainn agus bhailigh chuige iad. Thángadar go Haelám agus Seobác ceann feadhna arm Hadad Eizir a dtreorú.

Chloígh Dáiví Hadad Eizir mac Rachob rí Zóbá agus é ar an mbealach ag iarraidh a chumhacht a leathnú thar an Abhainn.

Cad fáth a bhfuil na ciníocha á suaitheadh agus na náisiúin ag beartú gan éifeacht?

mhúch siad tinte craosacha, d'éalaigh siad slán ó bhéal an chlaímh, d'éirigh siad ó laige go láidreacht, bhí siad cróga sa chath agus chuir siad an ruaig ar shluaite eachtrannach.

Nuair a chuala Iáibín rí Házór na nithe sin chuir sé scéala fúthu go Ióbab rí Mhádón agus go rí Shimreon agus go rí Aicseáf,

Tháinig na ríthe seo go láthair choinne agus chomhdhála agus shuíodar a gcampaí le hais a chéile ag uiscí Mhaeróm chun troid in aghaidh Iosrael.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí