Má bhíonn na hAramaeigh róthréan domsa, cabhraighse liom,” ar sé, “ach má bhíonn na hAmónaigh rothréan duitse, rachaidh mé i gcabhair ortsa.
Chuir sé an chuid eile den arm faoi cheannas a dhearthár Aibísí, agus chóirigh iad in aghaidh na nAmónach.
Bíodh misneach agat agus seas an fód ar son ár bpobail agus cathracha ár nDé. Go ndéana an Tiarna mar is rogha leis.”
ach táim tar éis guí ar do shonsa chun nach gclisfeadh do chreideamh; agus, ón uair amháin a bheidh tú féin iompaithe, déan daingean do bhráithre.”
Sinne atá láidir ní mór dúinn cur suas le laigí na bhfann agus gan bheith ar mhaithe linn féin
Déanaigí ualaí a chéile a iompar agus sa tslí sin beidh sibh ag comhlíonadh dlí Chríost.