Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Samúéil 1:23

An Bíobla Naofa 1981

Sól agus Iónátán an chumainn agus na scéimhe! Níor scaradh ó chéile iad beo ná marbh! Ba mhire iad ná na hiolair. Ba láidre ná na leoin.

Féach an chaibidil Cóip

14 Tagairtí Cros  

A iníonacha Iosrael caoinigí Sól, A ghléas sibh go caithiseach le héadaí craoraga, A chuir dealga óir Ar bhur bhfeisteas.

Bhí triúr mac Zarúá ann - Ióáb, Aibísí agus Asáhael. Bhí Asáhael chomh luathchosach le heilit fhiáin.

Banáiá mac Iahóideá, laoch ó Chabzael, fear déanta mórghníomh, threascair sé dhá churadh Mhóáb. Agus lá sneachta chuaigh sé síos isteach in uaimh agus mharaigh leon ann.

Ióaelá, Zabadiá, clann mhac Iarochám ó Ghadór.

Sleamhnaíonn siad ar aghaidh mar naomhóga giolcaí, Mar iolar ag teacht de ruathar ar a sheilg.

An leon, an gaiscíoch ar na hainmhithe, nach dtugann cúl le haon ní;

Is é an binneas a fhriotal, is mealltacht é uile. Sin é mo ghrá, sin é mo shearc, a iníona Iarúsailéim.

Féach, tá sé ag teannadh chun tosaigh ar nós na néalta, is cosúil le camghaoth a charbaid, is mire a eachra ná iolair, is mairg dúinn, táimid caillte!

Bhí ár lucht géarleanúna níos mire ná iolair an aeir; chuaigh siad sa tóir orainn thar na sléibhte agus rinne siad luíochán romhainn san fhásach.

Seolfaidh an Tiarna náisiún i do aghaidh ón imigéin, ó imill na cruinne, é mear mar iolar ag eitilt; náisiún é nach dtuigeann tú fiú a theanga;

Ar an seachtú lá sula ndeachaigh Samsón isteach i seomra na lanúine, dúirt fir na cathrach leis: “Cad is milse ná mil? Cad is tréine ná leon?” D'fhreagair sé: “Gan treabhadh le mo bhodóg Ní bhfaigheadh sibh fios mo thomhais.”

Ach a raibh deireadh ráite aige le Sól bhí anam Iónátán snaidhmthe le hanam Dháiví agus thug Iónátán grá dó mar a dhéanfadh dá anam féin.

D'fhreagair seisean é: “Cuir uait agus ná bí den tuairim sin. Ní mharóidh sé thú. Féach, ní dhéanann m'athair aon ní, le tábhacht ná gan tábhacht, gan é chur faoi mo bhráid. Cén fáth a gceilfeadh m'athair é seo orm? Ní fíor é.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí