Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Samúéil 1:19

An Bíobla Naofa 1981

“Uchón, tá glóir Iosrael ar lár ar d'ardáin! Cad é mar a d'éag na gaiscígh!

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Sól agus Iónátán an chumainn agus na scéimhe! Níor scaradh ó chéile iad beo ná marbh! Ba mhire iad ná na hiolair. Ba láidre ná na leoin.

Conas a d'éag na gaiscígh I lár an chatha? A Iónátán, is é do bhás a chloígh mé!

Sa lá sin, beidh geamhar an Tiarna faoi loinnir agus faoi mhaise, agus toradh na talún mar ghlóir agus mar scéimh ag iarmhar Iosrael.

Amhail bachlóg is ea a d'fhás sé os ár gcomhair a mbeadh a fréamh i dtalamh tirim. Níl cruth ná cumthacht air, dá bhfaca sinne ná scéimh ar bith go mbeadh dúil againn ann;

Ochón! Tá an Tiarna tar éis duibhe a chur ar iníon Shíón le corp cuthaigh; theilg sé ó neamh go talamh áilleacht Iosrael; níor chuimhin leis stóilín a chos ar lá a chuid díbheirge.

Tá an choróin tar éis titim dár gceann; is mairg dúinn de bhrí gur pheacaíomar.

Thóg mé mo bhachall “Cineáltas” agus bhris mé ina dhá leath í chun an conradh a bhí déanta ag an Tiarna leis na náisiúin go léir a chur ar ceal.

Mar sin de, rinneadh aoire díom ar an tréad a bhí le marú ag na trádálaithe caorach. Ansin thóg mé dhá bhachall; “Cineáltas” a thug mé mar ainm ar cheann acu agus “Aontacht” ar an gceann eile agus thosaigh mé ar an tréad a bheathú.

Nuair a tháinig na Filistínigh lá arna mhárach chun na mairbh a lomadh, fuaireadar Sól agus a bheirt mhac ar lár ar Shliabh Ghiolboa.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí