Nuair a chonaic muintir na háite, na Canánaigh, an caoineadh in Urlár Buailte Átád, dúradar: “Nach dian an caoineadh é seo ag na hÉigiptigh!” Uime sin thugadar Móinéar na nÉigipteach ar an ait - tá sé lastall den Iordáin.
Chum Irimia caoineadh do Ióisíá, caoineadh a dhéanann cantairí fear agus ban a reacadh fós inniu nuair a chaoineann siad Ióisíá; nós in Iosrael é sin anois; tá na caointe scríofa sna hOlagóin.
“Sín é an caoineadh a thógfar; iníonacha na gciníocha a thógfaidh é. Tógfaidh siad é ar son na hÉigipte agus ar son a pobail uile - an Tiarna Dia a labhraíonn.”