2 Ríthe 9:7An Bíobla Naofa 1981Déan teaghlach Acháb do mháistir a scrios, agus déanfaidh mé fuil mo shearbhóntaí na fáithe agus searbhóntaí an Tiarna go léir a agairt ar Ízeibil. Féach an chaibidil |
[A spéartha, déanaigí lúcháir in éineacht leis! Tugadh clann Dé urraim dó!] A náisiúna, déanaigí lúcháir lena phobal; tráchtadh teachtairí Dé ar a chumhacht! Óir déanfaidh sé fuil a shearbhóntaí a dhíolt, agus díolfaidh sé an comhar lena naimhde. Déanfaidh sé aisíoc le lucht a fhuatha, agus déanfaidh sé fearann a phobail a íonghlanadh.