Dá nginfeadh duine céad leanbh agus go mairfeadh sé mórán blianta sa chaoi go mbeadh saol fada aige, mar sin féin mura bhfaigheadh sé sásamh aigne as a chuid saibhris agus nach ndéanfaí é a adhlacadh go cóir ar deireadh, deirimse go mbeadh an marbhleanbh níos fearr as na é.
Is é sin an fáth ar tháinig fearg ar an Tiarna lena phobal agus ar thóg sé a lámh lena mbascadh; tá na taoisigh marbh aige, agus a gcorpáin ina luí mar bheadh dramhaíl sna sráideanna. Ach níl a racht ligthe faoi ina dhiaidh sin, tá a lámh ag bagairt go fóill.
Éagfaidh siad de ghalra marfacha, ní chaoinfear iad agus ní adhlacfar iad, beidh siad mar aoileach spréite ar an talamh; marófar iad leis an gclaíomh agus le gorta, agus beidh a gcoirp ina mbia d'éanlaith an aeir agus do bheithígh na talún.
“Beidh mairbh an Tiarna sa lá sin scaipthe ó cheann ceann na cruinne. Ní chaoinfear iad; ní chruinneofar iad ná ní mó a adhlacfar iad; fanfaidh siad ar éadan na talún mar aoileach.
Leis sin amach leo go dtí an rí i gcúirt an pháláis tar éis an scrolla a chur i dtaisce i seomra Eilíseámá an rúnaí. Agus d'inis siad an scéal go léir don rí.
“Nuair a thiocfaidh an t‑am sin - an Tiarna a labhraíonn - tabharfar amach as a n‑uaigheanna cnámha ríthe Iúdá, cnámha na bprionsaí, na sagart, na bhfáithe agus áitritheoirí Iarúsailéim.
Déanfar iad a spré i bhfianaise na gréine, na gealaí, agus slua neimhe uile, a b'ionúin leo agus dá ndearna siad fónamh, a lean siad, a n‑iarr siad comhairle orthu, agus a d'adhar siad. Ní chruinneofar ná ní adhlacfar arís iad ach beidh siad chun aoiligh ar chraiceann na talún.