Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Ríthe 9:35

An Bíobla Naofa 1981

Ach nuair a chuadar á hadhlacadh, ní bhfuaireadar ach a cloigeann, a cosa agus a dearnana.

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

Maidir le Ízeibil, íosfaidh na madraí í i nduiche Izréil; ní dhéanfaidh aon duine í a chur.’ ” Ansin d'oscail sé an doras agus d'éalaigh leis.

Ghabh sé isteach ansin agus chaith bia agus deoch agus dúirt: “Féachaigí chun na mná mallachta sin anois agus déanaigí í a adhlacadh mar is iníon rí í.”

Thángadar ar ais dá bhrí sin leis an scéala sin go Iéahú, agus dúirt sé: “Sin é briathar an Tiarna, an briathar a labhair sé ó bhéal Éilias an Tisbíoch: ‘Íosfaidh na madraí feoil Ízeibil i gcríocha Izréil.

Nach tubaiste ar an gcoirpeach? Agus mí-adh ar lucht na hurchóide?

Dá nginfeadh duine céad leanbh agus go mairfeadh sé mórán blianta sa chaoi go mbeadh saol fada aige, mar sin féin mura bhfaigheadh sé sásamh aigne as a chuid saibhris agus nach ndéanfaí é a adhlacadh go cóir ar deireadh, deirimse go mbeadh an marbhleanbh níos fearr as na é.

Adhlacfar é le hadhlacadh asail, á tharraingt ar shiúl agus á chaitheamh amach as geataí Iarúsailéim.”

Mar sin, is mar seo a deir an Tiarna i dtaobh Iahóiácaím rí Iúdá: Ní bheidh duine ar bith aige le suí ar chathaoir ríoga Dháiví; agus teilgfear a chorp marbh amach chun an teaspaigh sa lá agus chun an tseaca san oíche.

Agus ar an mball bhuail aingeal an Tiarna ar lár é de chionn nár thug sé onóir do Dhia. Fuair sé bás agus é á ithe ag péisteanna.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí