2 Ríthe 9:3An Bíobla Naofa 1981Ansin faigh an crúiscín ola agus doirt ar a cheann é, agus abair: ‘Seo é briathar an Tiarna: Déanaim thú a ungadh i do rí ar Iosrael.’ Ansin oscail an doras agus teith leat le teann deabhaidh.” Féach an chaibidil |
Thóg Samúéil soitheach ola ansin agus dhoirt ar cheann Shóil é agus phóg é agus dúirt: “Nach ndearna an Tiarna thú a ungadh le go mbeifeá i do thaoiseach [ar do phobal Iosrael? Rialóidh tú pobal an Tiarna agus saorfaidh tú iad ó chumhacht a naimhde atá ina dtimpeall. Beidh sé seo mar chomhartha] agat gur cheap an Tiarna thú i do thaoiseach ar a oidhreacht.