Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Ríthe 9:28

An Bíobla Naofa 1981

Thug a shearbhóntaí i gcarbad é go Iarúsailéim agus chuireadar ina thuama lena shinsir é i nDúnfort Dháiví.

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

Ansin thit codladh an bháis ar Dháiví dála a shinsear roimhe agus adhlacadh é i nDúnfort Dháiví.

Rinne a oifigigh ceannairc agus comhcheilg agus mharaigh siad Ióáis i dteach Mhileo, ar an mbealach síos go Sileá.

Chuir sé chun báis ar na haltóirí sagairt uile na n‑ardionad a bhí ansiúd, agus loisc sé cnámha daoine orthu. Ansin d'fhill sé go Iarúsailéim.

Thug a shearbhóntaí a chorp i gcarbad leo ó Mhigideo, agus thugadar é go Iarúsailéim, agus chuireadar é ina thuama féin. Agus thóg muintir na tuaithe Iahóácház mac Ióisíá agus rinneadar é a ungadh agus a fhógairt ina rí i gcomharbacht ar a athair.

Ansin chuaigh Iahórám chun suain lena shinsir agus adhlacadh é lena shinsir i nDúnfort Dháiví. Tháinig a mhac Achaizíá i gcomharbacht air mar rí.

Ansin chuaigh sé sa tóir ar Achaizíá agus fuarthas é agus é i bhfolach sa tSamáir agus tugadh é go Iéahú agus cuireadh chun báis é. Ach rinneadar é a adhlacadh. “Ba mhac le Iahóiseáfát é,” ar siad, “a bhí ag lorg an Tiarna le lánchroí.” Ní raibh aon duine fágtha i dteaghlach Achaizíá cumasach go leor le rialú.

Iompraíodh ar ais ar chapaill é agus adhlacadh é i gcathair Dháiví lena shinsir.

Thóg a lucht leanúna amach as a charbad féin é agus chuir i gceann eile é agus thug ar ais go Iarúsailéim é, mar a bhfuair sé bás, agus adhlacadh é i dtuamaí a shinsear. Chaoin Iúdá agus Iarúsailéim go léir Ióisíá.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí