Ach tharraing Iéahú a bhogha le lán a nirt agus d'aimsigh Iórám idir an dá shlinneán; chuaigh an tsaighead trí chroí an rí, agus thit sé ar lár ina charbad.
“Ar thug tú faoi deara mar atá Acháb tar éis é féin a umhlú os mo chomhair? De bhrí gur umhlaigh sé é féin os mo chomhair, ní thabharfaidh mé an tubaiste anuas ina laethanta féin; tabharfaidh mé anuas ar a theaghlach é i laethanta a mhic.”
Ach tharraing duine de na saighdiúirí a bhogha de bhuille faoi thuairim agus bhuail sé rí Iosrael idir éide chatha agus lúireach. “Iompaigh timpeall,” arsa an rí lena chairbtheach, “agus beir leat as an gcath mé, mar táim gonta.”
Ach ghéaraigh ar an gcath i gcaitheamh an lae; coimeádadh an rí ina sheasamh ina charbad le teanntaí agus a aghaidh ar na hArámaigh nó go bhfuair sé bás tráthnóna, agus fuil a chréachta ag sní ar urlár an charbaid.
Ansin, ar maidin, ghabh sé amach, sheas, agus dúirt leis an bpobal go léir: “Tá sibh saor ó chion; rinne mé comhcheilg in aghaidh mo mháistir, ceart go leor, agus mharaigh mé é. Ach cé chuir iad seo go léir chun báis?
Nuair a bheidh daoine á rá: “Táthar slán sábháilte,” ansin gan choinne is ea a thiocfaidh an tubaiste, mar a thagann an tinneas ar bhean atá trom, agus ní bheidh aon éalú acu uaithi.