Agus thug an fear faire scéala arís: “Shroich sé iad, ach níl sé ag filleadh. Agus tá an tiomáint ar aon dul le tiomáint Iéahú mac Nimsí mar go dtiomáineann sé mar fhear buile.”
“Is dóigh liom go ritheann an chéad fhear mar a ritheann Aichímeáz mac Zádóc,” arsan fear faire. “Fear maith eisean,” arsan rí, “agus tá dea-scéala leis.”
Ansin sheol sé eachlach eile agus tháinig chucu agus dúirt: “Deir an rí: ‘An síocháin bhur ngno?’ ” Agus d'fhreagair Iéahú: “Nach cuma duitse faoi shíocháin? Cas timpeall agus lean mé.”
Nuair a shroichfidh tú an áit sin, lorg Iéahú mac Iahóiseáfát mac Nimsí. Téigh isteach agus abair leis éirí agus imeacht óna chomrádaithe, agus tabhair isteach i seomra cúil é.
Cibé ar bith obair a bhíonn idir lámha agat caith iomláine do dhúthrachta léi mar níl obair ná dianmhachnamh ná eolas ná eagna i Seól, an áit ar a bhfuil do thriall.
Seo, is mise a chruthaigh an gabha, an té a shéideann tine na gceartaí agus a tháirgeann airm de réir na feidhme atá leo. Ach is mise fós a chruthaigh fear a scriosta agus a ndíobhála.
Óir, féach, tá na Caildéigh á múscailt agam, an cine fíochmhar fraochmhar úd, a ghluaiseann thar chlár na talún chun seilbh a ghabháil ar áiteanna nach leo féin iad.