Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Ríthe 9:19

An Bíobla Naofa 1981

Ansin sheol sé eachlach eile agus tháinig chucu agus dúirt: “Deir an rí: ‘An síocháin bhur ngno?’ ” Agus d'fhreagair Iéahú: “Nach cuma duitse faoi shíocháin? Cas timpeall agus lean mé.”

Féach an chaibidil Cóip

5 Tagairtí Cros  

Ansin tháinig Iéahú amach go hoifigigh a mháistir. “An bhfuil gach ní ina cheart?” d'fhiafraigh siad de. “Cad a thug an ghealt seo chugat?” “Tá aithne agaibh air siúd agus tá a fhios agaibh cad deir sé,” ar sé.

An fear faire ar an túr in Izréil, chonaic sé díorma Iéahú chuige agus dúirt: “Feicim díorma fear,” ar sé. Thug Iórám ordú: “Cuir eachlach ina gcoinne agus fiafraíodh sé díobh: ‘An síocháin bhur ngnó?’ ”

Chuaigh eachlach i gcoinne Iéahú dá bhrí sin agus dúirt: “Deir an rí: ‘An síocháin bhur ngnó?’ ” Agus d'fhreagair Iéahú: “Nach cuma duitse faoi shíocháin? Cas timpeall agus lean mé.” Agus thug an fear faire scéala: “Shroich an teachtaire iad ach níl sé ag filleadh ar ais.”

Agus thug an fear faire scéala arís: “Shroich sé iad, ach níl sé ag filleadh. Agus tá an tiomáint ar aon dul le tiomáint Iéahú mac Nimsí mar go dtiomáineann sé mar fhear buile.”

“Níl síocháin ar bith,” a deir an Tiarna, “i ndán do choirpigh.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí