2 Ríthe 8:8An Bíobla Naofa 1981Dúirt an rí ansin le Hazáéil: “Beir bronntanas leat agus téigh faoi choinne an ghiolla Dé, agus téigh i gcomhairle leis an Tiarna tríd a fhiafraí an dtéarnóidh mé ón tinneas seo.” Féach an chaibidil |
agus dúirt sé leis: “Seo mar a deir an Tiarna: ‘Dé bhrí gur chuir tú teachtairí le dul i gcomhairle le Bál Zeabúb, dia Eacrón - (an ea nach bhfuil aon Dia in Iosrael le dul i gcomhairle lena bhriathar?) - uime sin an leaba a ndeachaigh tú a luí inti, ní fhágfaidh tú í, ach gheobhaidh tú bás go cinnte.’ ”
“Tháinig fear inár gcoinne,” ar siad leis, “agus dúirt sé linn: ‘Téigí ar ais chun an rí a sheol uaidh sibh, agus abraigí leis: Mar seo a deir an Tiarna: An ea nach bhfuil aon Dia in Iosrael a rá is go bhfuil tú ag seoladh teachtairí le dul i gcomhairle le Bál Zeabúb, dia Eacrón. Ar an ábhar seo, an leaba ina ndeachaigh tú a luí inti, ní éireoidh tú aisti; gheobhaidh tú bás go cinnte.’ ”