Nuair a bhí na seacht mbliana caite d'fhill an bhean ó thír na bhFilistíneach agus chuaigh lena héileamh faoina teach agus faoina talamh a chur faoi bhráid an rí.
Dúirt Eilíseá: “Abair é seo léi: ‘Féach, rinne tú an cúram seo go léir dínne, cad is féidir dúinn a dhéanamh duit? An bhfuil aon ní ar mhaith leat a déarfaí ar do shon leis an rí nó le ceann feadhna an airm?’ ” Ach d'fhreagair sí: “I measc mo mhuintire féin a mhairimse.”
Cheistigh an rí an bhean agus d'inis sí an scéal dó. Ansin chuir an rí duine dá mhaoir ina feighil agus thug an treoir seo dó: “Féach chuige go bhfaighidh sí a maoin go léir ar ais, agus an teacht isteach go léir óna cuid talún ón lá a d'fhág sí an tír go dtí anois.”