Mairfidh tú de bhíthin do chlaímh, agus déanfaidh tú fónamh do do dheartháir. Ach nuair a bhainfidh tú saoirse amach, cuirfidh tú a chuingsean de do mhuineál.”
Chuir sé lucht ceannais i bhfeighil Eadóm (chuir sé lucht ceannais i bhfeighil Eadóm ar fad). Tháinig na hEadómaigh go léir faoi smacht Dháiví. Thug an Tiarna an bua do Dháiví cibé áit a ndeachaigh sé.
Eisean a bhris ar na hEadómaigh i nGleann an tSalainn, deich míle díobh, agus a ghabh an Charraig de ruathar. Thug sé Ioctael mar ainm uirthi agus is é atá uirthi go dtí inniu féin.
Nuair a chonaic rí Mhóáb go raibh an cath á bhriseadh air, bhailigh sé seacht gcéad de lucht iompair claímh féachaint an bhféadfadh sé a bhealach a dhéanamh amach agus dul go rí [Arám], ach theip air.
Ansin thóg sé an mac ba shine aige, a rídhamhna, agus d'ofráil é mar íobairt ar bhalla na cathrach. Bhuail taom tréan feirge iad in aghaidh Iosrael agus chúlaigh siadsan uaidh, agus d'fhill siad ar a dtír féin.
Chuir siad chun bóthair dá bhrí sin, rí Iosrael, rí Iúdá, agus rí Eadóm. Ghabhadar timpeall mór ar feadh seacht lá go dtí nach raibh uisce fágtha do na saighdiúirí ná do na beithígh iompair a lean iad.