Ní raibh macasamhail Acháb riamh ann, ar ndóigh, le hé féin a reic chun an t‑olc i súile an Tiarna a dhéanamh, agus é á spreagadh ag Ízeibil a bhean chéile.
Lean sé sampla ríthe Iosrael agus thug ar a mhac féin fiú gabháil trí thine de réir mar a chleachtaí go náireach ag na ciníocha a dhíbir an Tiarna roimh chlann Iosrael.
Sínfidh mé an dorú tomhais céanna ar Iarúsailéim agus ar an tSamáir agus an dorú pluma céanna le teaghlach Acháb. Déanfaidh mé Iarúsailéim a sciomradh faoi mar a dhéanfadh duine mias a sciomradh, agus a bhualadh béal faoi tar éis a sciomartha.
Thog sé arís na hardionaid a scrios a athair Hiziciá agus chuir sé suas altóirí do Bhál agus rinne cuaille naofa mar a rinne Acháb rí Iosrael agus thug sé ómós do shluaite uile na spéire agus rinne seirbhís dóibh.
Bhí Achaizíá dhá bhliain agus fiche nuair a tháinig sé i gcoróin, agus bhí sé bliain i réim in Iarúsailéim. Atailiá, iníon Omraí rí Iosrael, ab ainm dá bhean.
Lean seisean chomh maith sampla theaghlach Acháb agus rinne an t‑olc i bhfianaise an Tiarna, faoi mar a rinne teaghlach Acháb, lena raibh sé i gcleamhnas.
Ghabh Iéahú mac Hanáiní, an físí, amach ina choinne, agus dúirt sé leis an rí Iahóiseáfát: “Ar chóir duit lámh chúnta a thabhairt don choirpeach? Ar chóir duit grá a thabhairt dóibh siúd ar fuath leo an Tiarna agus a fhearg a thabhairt sa mhullach ort dá bharrsan?
ach sampla ríthe Iosrael, agus gur thug tú ar Iúdá agus ar áitritheoirí Iarúsailéim a bheith mídhílis, faoi mar a thug teaghlach Acháb ar Iosrael a bheith mídhílis, agus gur mharaigh tú, as do theaghlach féin, do dheartháireacha ab fhearr d'fhir ná thú féin,
Choimeád tú reachtanna Omraí agus gnásanna uile theaghlach Acháb agus is í a gcomhairle siúd a lean tú. Dá dheasca sin déanfaidh mé fothrach díot agus beidh d'áitritheoirí ina gceap magaidh agus beidh orthu cur suas le maslaí na náisiún.