Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Ríthe 8:10

An Bíobla Naofa 1981

D'fhreagair Eilíseá: “Téigh agus abair leis: ‘Tearnóidh tú cinnte,’ ach d'fhoilsigh an Tiarna dom go bhfaighidh sé bás cinnte.”

Féach an chaibidil Cóip

16 Tagairtí Cros  

ach toradh de chrann fhios na maitheasa agus an oilc, ní íosfaidh tú mar an lá a íosfaidh tú de thoradh an chrainn sin, gheobhair bás, gheobhair sin.”

Agus dúirt Forann le Iósaef: “Os rud é gur fhoilsigh Dia duit gach a bhfuil ráite agat, ní féidir go mbeadh aon duine chomh héirimiúil ná chomh críonna leatsa.

Nuair a tháinig sé chun an rí, dúirt an rí: “A Mhíocáia, ar chóir dúinn dul agus Rámot Gileád a ionsaí, nó ligean dó?” D'fhreagair sé: “Gluais agus treise leat! Tabharfaidh an Tiarna i lámha an rí é!”

agus dúirt sé leis: “Seo mar a deir an Tiarna: ‘Dé bhrí gur chuir tú teachtairí le dul i gcomhairle le Bál Zeabúb, dia Eacrón - (an ea nach bhfuil aon Dia in Iosrael le dul i gcomhairle lena bhriathar?) - uime sin an leaba a ndeachaigh tú a luí inti, ní fhágfaidh tú í, ach gheobhaidh tú bás go cinnte.’ ”

Mar seo a deir an Tiarna: ‘An leaba ina ndeachaigh tú a luí inti, ní éireoidh tú aisti; gheobhaidh tú bás go cinnte.’ ” Agus d'imigh Éilias leis.

Ach má dhiúltaíonn tú dul amach, is é seo an scéal a d'fhoilsigh an Tiarna domsa:

agus d'inis mé do na deoraithe ar thaispeáin an Tiarna dom.

a thugann uaidh ar úsaireacht agus a ghlacann brabús; an mairfidh seisean? Go deimhin, ní mhairfidh. Tar éis dó na coireanna gránna seo a dhéanamh éagfaidh sé cinnte agus beidh a chuid fola air féin.

Go dearfa, ní dhéanann an Tiarna aon rud gan a rún a ligean lena sheirbhísigh, na fáithe.

Seo an rud a thaispeáin an Tiarna mo Dhia dom: Is amhlaidh a bhí sé ag cruthú lócaistí i dtosach an athfháis - ba é an t‑athfhás é a eascraíonn nuair a bhíonn an fómhar déanta ag an rí.

Seo an rud a thaispeáin an Tiarna dom: An Tiarna Dia féin ag fogairt pionóis le tine. Bhí an duibheagán mór dóite aici, agus bhí sí ag creimeadh na talún roimpi.

Seo an rud a thaispeáin an Tiarna dom: An Tiarna ina sheasamh cois balla agus dorú pluma ina láimh aige.

Seo an rud a thaispeáin an Tiarna Dia dom: cliabh de thorthaí aibí.

Ansin thaispeáin sé dom sruth uisce na beatha, é glan mar chriostal, ag teacht ó ríchathaoir Dé agus an Uain.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí