2 Ríthe 8:1An Bíobla Naofa 1981Seo mar a bhí ráite ag Eilíseá leis an mbean a ndearna sé a mac a ardú ó mhairbh: “Éirigh, agus imigh leat ar an gcoigrích, tú féin agus do líon tí, mar tá gorta glaoite ag an Tiarna - tá sé ag teacht ar an tír cheana féin - ar feadh seacht mbliana.” Féach an chaibidil |
Chuaigh Gád chuig Dáiví mar sin agus d'inis sé sin dó. “Cé acu is fearr leat,” ar seisean, “trí bliana de ghorta a theacht ort i do thír féin, nó thú a bheith trí mhí ar do sheachaint agus do namhaid sa tóir ort, nó plá a bheith ar do thír ar feadh trí lá? Déan do mhachnamh air anois agus socraigh cad é an freagra a thabharfaidh mé don té a chuir uaidh mé.”