2 Ríthe 7:18An Bíobla Naofa 1981(Nuair a dúirt an giolla Dé leis an rí: “Beidh dhá thomhas eorna ar díol ar sheicil, agus tomhas den phlúr is míne ar sheicil um an dtaca seo amárach ag geata na Samáire,” Féach an chaibidil |
Bhí Eilíseá ina shuí ina theach agus na seanóirí ina suí ina thimpeall. Chuir an rí teachtaire óna láthair ach sular shroich sé, dúirt Eilíseá leis na seanóirí: “An bhfeiceann sibh mar a thug an dúnmharfóir úd ón mbroinn orduithe an ceann a scothadh díom? Féach, nuair a thiocfaidh an teachtaire, dúnaigí an doras air; coinnigí an doras dúnta air. Nach bhfuil truip choiscéim a mháistir le cloisteáil ina dhiaidh?”