2 Ríthe 7:17An Bíobla Naofa 1981An feidhmeannach a bhí mar theannta ag an rí, bhí sé ceaptha aige mar chaptaen ar gharda an gheata, ach shatail na daoine air i mbéal an gheata agus fuair sé bás faoi mar a thairngir an giolla Dé nuair a tháinig an rí anuas chuige. Féach an chaibidil |
Bhí Eilíseá ina shuí ina theach agus na seanóirí ina suí ina thimpeall. Chuir an rí teachtaire óna láthair ach sular shroich sé, dúirt Eilíseá leis na seanóirí: “An bhfeiceann sibh mar a thug an dúnmharfóir úd ón mbroinn orduithe an ceann a scothadh díom? Féach, nuair a thiocfaidh an teachtaire, dúnaigí an doras air; coinnigí an doras dúnta air. Nach bhfuil truip choiscéim a mháistir le cloisteáil ina dhiaidh?”