2 Ríthe 7:13An Bíobla Naofa 1981D'fhreagair duine dá fheidhmeannaigh, “Tógtar cúig cinn de na capaill atá fágtha fós againn - gheobhadh an dream atá fágtha anseo bás chomh maith ar aon dul leis an slua mór eile d'Iosrael a fuair bás cheana féin - agus cuirimis dream ar aghaidh leo agus feicidís.” Féach an chaibidil |
D'éirigh an rí gan é fós ina lá agus dúirt lena fheidhmeannaigh: “Inseoidh mé daoibh cad tá déanta ag na hArámaigh orainn. Tá fhios acu go bhfuil an gorta ag luí orainn, agus dá bharr sin d'fhágadar an longfort agus chuadar i bhfolach faoin tír á rá leo féin: ‘Nuair a thiocfaidh siad amach as an gcathair, déanfaimid iad a ghabháil ina mbeatha agus rachaimid isteach sa chathair.’ ”