Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Ríthe 7:10

An Bíobla Naofa 1981

D'imíodar leo ansin agus ghlaoigh siad ar ghardaí gheataí na cathrach agus dúirt leo: “Chuamar go longfort na nArámach. Ní raibh duine beo le feiceáil ná le cloisteáil ann, ach na capaill ceangailte, agus na hasail ceangailte, agus na bothanna fágtha mar a bhíodar.”

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

chonaic an fear faire fear eile ag rith; agus scairt an fear faire [ar bharr] an gheata: “Seo fear eile chugainn ag rith leis féin!” D'fhreagair an rí: “Tá scéala aige sin chomh maith.”

Scaip gardaí na ngeataí an dea-scéala de liú, agus fógraíodh laistigh den phálás é.

Ansin dúradar le chéile: “Níl sé ceart againn! Seo lá dea-scéil agus seo sinn gan focal asainn! Má fhanaimid go maidin, is cinnte go ndéanfar díoltas orainn; téanam dá bhrí sin; téimis agus tugaimis an dea-scéala go pálás an rí.”

agus ina dteanntasan, sa chéad ghrád eile, a ngaolta: Zacairiá mac Iaizíéil, Simíreámót, Íchíéil, Uiní, Eilíáb, Banáiá, Másaeiá, Maititiá, Eilífilaehú, Micnéiá, Obaed Eadóm, Íéil, lucht faire an gheata.

agus Obaed Eadóm lena ochtar gaol agus trí fichid; cuireadh Obaed Eadóm, mac Iadútún, agus Hosá i bhfeighil an gheata.

Chuir sé lucht faire ag geataí Theampall an Tiarna i dtreo nach rachadh aon duine a bhí neamhghlan ar aon tslí isteach.

Amhrán Oilithreach. Le Solamh. 1 Mura ndéana an Tiarna an teach a thógail, is saothar amú é do lucht a thógála. Mura ndéana an Tiarna an chathair a chosaint, is díomhaoin don gharda bheith á faire.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí