Tháinig fáidh ansin ar an bhfód ar lorg Acháb rí Iosrael. “Mar seo a deir an Tiarna,” ar sé: “ ‘An bhfaca tú an t‑arm mór seo? Féach, cuirfidh mé faoi do láimh é inniu féin, agus beidh a fhios agat gur mise an Tiarna.’ ”
Tháinig giolla Dé i láthair agus dúirt le rí Iosrael: “Mar seo a deir an Tiarna: ‘De bhrí go ndúirt Arám gur dia sléibhte é an Tiarna, agus nach dia ísleán, tabharfaidh mé an slua mór seo go léir i do láimh agus beidh a fhios [agat] gur mise an Tiarna.’ ”
Rinne bean duine de bhráithreachas na bhfáithe achainí chun Eilíseá. “Tá do shearbhónta, m'fhear céile, marbh,” ar sí, “agus tá a fhios agat cad é mar urraim a bhí ag do shearbhónta don Tiarna. Tá fear na bhfiach tagtha chun mo bheirt leanbh a bhreith leis le bheith ina ndaoráin aige.”
Nuair a tháinig sí go dtí an giolla Dé ansiúd ar an sliabh, rug sí greim ar a chosa. Tháinig Géichizí lena brú i leataobh, ach dúirt an giolla Dé: “Lig di mar tá buaireamh ina croí, agus cheil an Tiarna orm é gan é a rá liom.”
D'imigh sí léi ansin agus dúirt sí sin leis an ngiolla Dé agús d'fhreagair sé: “Imigh agus díol an ola agus díol d'fhiacha agus féadfaidh tú féin agus do chlann maireachtáil ar an bhfuílleach.”
Chuir rí Iosrael dá réir sin díorma fear chun na háite a luaigh giolla Dé. Agus bhíodh sé ag tabhairt rabhaidh do rí Iosrael ar an gcuma sin agus bhíodh seisean san airdeall, agus tharla sin breis agus uair nó dhó.
“Níl aon duine againn, a thiarna mo rí,” arsa duine dá fheidhmeannaigh, “ach is é Eilíseá, an fáidh in Iosrael, a fhoilsíonn do rí Iosrael gach a ndeir tú i do sheomra codlata.”
Is é seo apacailipsis Íosa Críost a thug Dia dó chun go dtaispeánfadh sé dá sheirbhísigh cad iad na nithe nach foláir a theacht gan mhoill; sheol sé a aingeal uaidh agus chuir in iúl é d'Eoin a sheirbhíseach;