Chruinnigh Bein Hadad rí Arám a shluaite go léir le chéile - bhí dhá rí dhéag ar fhichid fairis, agus eachra agus carbaid - agus ghabh sé suas le léigear a chur ar an tSamáir agus í a ghabháil de ruathar.
Dúirt searbhóntaí rí Arám leis: “Déithe sléibhte a ndéithe; sin é an fáth gur thréine iad ná sinne; cuirimis cath orthu sna hísleáin, agus is cinnte go mbuafaimid orthu.
Dúirt Bein Hadad: “Tabharfaidh mé ar ais na cathracha a thóg m'athairse ó d'athairse, agus bíodh cead agat margaí a chur suas duit féin sa Damaisc mar a rinne m'athair sa tSamáir.” Dúirt Acháb: “Scaoilfidh mé leat ar na coiníollacha sin,” agus rinne sé conradh leis agus scaoil saor é.