Chuir sé fios ar Géichizí ansin: “Glaoigh ar an Siúnaemach seo againn,” ar sé leis agus ghlaoigh sé uirthi. Nuair a tháinig sí chuige sé a dúirt sé: “Tóg suas do mhac.”
D'imigh sí léi ansin agus dúirt sí sin leis an ngiolla Dé agús d'fhreagair sé: “Imigh agus díol an ola agus díol d'fhiacha agus féadfaidh tú féin agus do chlann maireachtáil ar an bhfuílleach.”
“Cár thit sé?” d'fhiafraigh an giolla Dé de, agus thaispeáin sé an áit dó. Ansin ghearr sé slapar agus chaith isteach ansiúd é agus chuir an t‑iarrann ar snámh.
Shín Peadar a lámh chuici agus chuir ina seasamh í. Ansin ghlaoigh sé chuige an pobal naofa agus na baintreacha agus thug suas dóibh í go beo beathach.