Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Ríthe 6:6

An Bíobla Naofa 1981

“Cár thit sé?” d'fhiafraigh an giolla Dé de, agus thaispeáin sé an áit dó. Ansin ghearr sé slapar agus chaith isteach ansiúd é agus chuir an t‑iarrann ar snámh.

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Chuaigh sé ansin go súil an tobair agus chaith salann isteach inti, agus dúirt: “Mar seo a deir an Tiarna: ‘Rinne mé an t‑uisce seo glan; ní bheidh bás ná marbhghin as feasta.’ ”

“Tugaigí min dom más ea,” arsa Eilíseá. Agus chaith sé sa choire í, agus dúirt: “Scaoiligí amach chucu seo í, agus ithidís í.” Agus ní raibh aon nimh sa choire.

ach ag gearradh saile do dhuine díobh, thit ceann iarainn a thua isteach san uisce. “Mo léan, a mháistir,” ar sé, “agus ba ar iasacht leis a bhí sé!”

“Tóg amach é,” ar sé, agus shín an fear a lámh agus thóg é.

Ghlaoigh Maois chun an Tiarna agus thaispeáin an Tiarna crann dó; chaith Maois é sin isteach san uisce agus d'éirigh sé milis. Ansiúd a rinne [an Tiarna] statúid agus reacht dóibh; ansiúd a rinne sé iad a phromhadh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí