“Tóg dhá thallann, le do thoil (agus dhá éide aonaigh),” a d'fhreagair Námán, agus bhí á dtathant air, agus cheangail sé dhá thallann airgid i dhá mhála (le dhá éide aonaigh) agus leag iad ar bheirt dá shearbhóntaí a d'iompair iad roimh Géichizí.
Shuíodar síos dá bhrí sin, agus chromadar ar ithe agus ól, an bheirt acu le chéile. Dúirt athair na hógmhná lena chliamhain: “Seo, fan anocht chomh maith, le do thoil, agus bí go súgach!”
D'fhreagair Bárác í: “Má théann tusa liom, rachaidh mé; mura dtéann tú liom, ní rachaidh mé [mar nach eol dom conas an lá a thoghadh ar a dtabharfadh aingeal an Tiarna an bua dom].”