Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Ríthe 6:27

An Bíobla Naofa 1981

“Go bhfága an Tiarna gan fóirithint thú,” ar seisean, “cá bhfaighinnse leigheas do cháis? Ón urlár buailte nó ón gcantaoir fhíona?”

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Nuair a shroicheadar Urlár Buailte Átád lastall den Iordáin, chaoineadar caoineadh fada dobrónach ansiúd agus bhí sé féin ag caoineadh a athar ar feadh seacht lá.

Agus nuair a bhí rí Iosrael ag gabháil thart ar bhalla na cathrach, ghlaoigh bean, in ard a cinn air: “Fóir orm, a thiarna, mo rí.”

Ansin d'fhiafraigh an rí: “Cad tá ort?” D'fhreagair sí: “Dúirt an bhean seo liom: ‘Tabhair suas do mhac le hithe againn inniu, agus íosfaimid mo mhacsa amárach.’

Amhrán Oilithreach. Le Solamh. 1 Mura ndéana an Tiarna an teach a thógail, is saothar amú é do lucht a thógála. Mura ndéana an Tiarna an chathair a chosaint, is díomhaoin don gharda bheith á faire.

Ná cuirigí bhur muinín i bhflatha, ná sa duine trí nach dtagann slánú.

Cé sheolfaidh isteach mé sa chathair chosanta? Cé thabharfaidh go hEadóm isteach mé?

Is i nDia atá mo shlánú is mo ghlóir; is carraig chumhachtach agus díon dom é.

Titfidh sé amach san am atá le teacht go mbeidh an sliabh a bhfuil teach an Tiarna air os cionn na sléibhte, agus go dtógfar níos airde ná na cnoic é. Tiocfaidh na ciníocha go léir ina sruth go dtí é;

Is mar seo a deir an Tiarna: “Is mallaithe an fear a chuireann a mhuinín i nduine, agus a bhíonn i dtuilleamaí na feola, agus a iompaíonn a chroí ón Tiarna.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí