Chruinnigh Bein Hadad rí Arám a shluaite go léir le chéile - bhí dhá rí dhéag ar fhichid fairis, agus eachra agus carbaid - agus ghabh sé suas le léigear a chur ar an tSamáir agus í a ghabháil de ruathar.
Sa cheathrú bliain de réimeas Hiziciá - ba í sin an seachtú bliain de réimeas Hóiséa mac Éalá rí Iosrael - tháinig Sealmaineisir rí na hAsaíre suas in aghaidh na Samáire agus chuir léigear uirthi.
Sa naoú bliain dá réimeas, sa deichiú mí, ar an deichiú lá den mhí, tháinig Nabúcadnazar rí na Bablóine faoi lán nirt le hionsaí a dhéanamh ar Iarúsailéim. Shuigh sé a champa ar aghaidh na cathrach amach agus thóg sé túir léigir ina timpeall.
Má bheartaímid dul isteach sa chathair, agus an gorta inti, gheobhaimid bás inti; má fhanaimid inár suí anseo, gheobhaimid bás chomh maith. Téanam, téimis anonn go longfort na nArámach. Má thugann siad anacal anama dúinn mairfimid; má chuireann siad chun báis sinn, ní bheidh ach deireadh linn.”
Is amhlaidh a bhí cathair bheag ann tráth agus gan morán áitritheoirí inti. Rinne rí cumhachtach áirithe ionsaí uirthi; chuir sé faoi imshuí í agus thóg sé sásanna móra léigir ina haghaidh.
Cuirfidh siad léigear ort i do bhailte go léir, go dtí go dtitfidh na ballaí is airde agus is daingne, na ballaí inar chuir tú muinín ar fud do chríoch. Cuirfidh siad léigear ort sna bailte go léir ar fud do chríoch a thug an Tiarna do Dhia duit.