Ansin dúirt Eilíseá leo: Ní hé seo an bóthar, ná ní hí seo an chathair; lean mise agus treoróidh mé sibh chun an fhir atá sibh a lorg,” agus threoraigh sé chun na Samáire iad.
Nuair a bhí na hArámaigh ag druidim leis ghuigh Eilíseá chun an Tiarna: “Buail an dream seo, guím thú, le daille,” agus bhuail sé le daille iad de réir mar a d'impigh Eilíseá.
Ach a rabhadar tagtha isteach sa tSamáir dúirt Eilíseá: “A Thiarna, oscail súile an dreama seo i dtreo go mbeidh radharc acu.” Agus d'oscail an Tiarna a súile agus bhí radharc acu, agus ba shiúd i lár na Samáire iad.
Ghlaoigh sé chuige an slua mar aon lena dheisceabail agus dúirt sé leo: “Más áil le haon duine bheith ar mo bhuíon, séanadh sé é féin, tógadh suas a chros agus leanadh mé.