Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Ríthe 6:13

An Bíobla Naofa 1981

“Imígí agus faighigí amach cá bhfuil sé,” arsa an rí, “i dtreo go gcuirfinn lucht a ghafa ar a thóir.” Agus fuair sé scéala: “Tá sé anois i nDotán.”

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

“Tá siad imithe leo,” arsa an fear, “mar chuala mé iad á rá: ‘Téimis go Dotán.’ ” D'imigh Iósaef i ndiaidh a dheartháireacha ansin agus fuair sé iad i nDotán.

Ansin chuir an rí ceannaire caogad lena chaoga fear chuige. Ghabh an ceannaire suas go hÉilias a bhí ina shuí ar mhullach cnoic, agus dúirt sé leis: “A ghiolla Dé, deir an rí ‘Tar anuas.’ ”

“Níl aon duine againn, a thiarna mo rí,” arsa duine dá fheidhmeannaigh, “ach is é Eilíseá, an fáidh in Iosrael, a fhoilsíonn do rí Iosrael gach a ndeir tú i do sheomra codlata.”

Chuir sé capaill agus carbaid agus slua mór ansiúd uaidh agus thángadar i gcoim na hoíche agus thimpeallaíodar an chathair.

D'ordaigh an rí don phrionsa Iaramael agus do Sharáiá mac Aisriéil agus do Shealaimiá mac Aibdeal, Barúch an scríobhaí agus an fáidh Irimia a ghabháil. Ach d'fholaigh an Tiarna iad.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí