Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Ríthe 6:12

An Bíobla Naofa 1981

“Níl aon duine againn, a thiarna mo rí,” arsa duine dá fheidhmeannaigh, “ach is é Eilíseá, an fáidh in Iosrael, a fhoilsíonn do rí Iosrael gach a ndeir tú i do sheomra codlata.”

Féach an chaibidil Cóip

19 Tagairtí Cros  

Ach dúirt Eilíseá leis: “Nach raibh mé ansiúd ó chroí nuair a d'fhág duine éigin a charbad le bualadh leat? [Os rud é gur] ghlac tú an t‑airgead, ní miste duit anois garraithe a [cheannach leis], agus gairdíní ológ, agus caoirigh, agus eallach, agus daoráin agus daoirseacha.

Agus dúirt sí lena máistreás: “Uch nach leis an bhfáidh sa tSamáir atá mo mháistir, is cinnte go leigheasfadh sé óna lobhra é.”

Ar a chloisteáil d'Eilíseá, giolla Dé, gur stróic rí Iosrael a chuid éadaigh, chuir sé scéala chun an rí: “Cad chuige ar stróic tú do chuid éadaigh? Lig dó teacht chugamsa, agus gheobhaidh sé amach go bhfuil fáidh in Iosrael.”

Bhí seo ag cur an-bhuaireamh aigne ar rí Arám, agus ghlaoigh sé ar a fheidhmeannaigh agus dúirt: “Inis dom cé acu againn atá dár [mbrath] le rí Iosrael.”

“Imígí agus faighigí amach cá bhfuil sé,” arsa an rí, “i dtreo go gcuirfinn lucht a ghafa ar a thóir.” Agus fuair sé scéala: “Tá sé anois i nDotán.”

Beidh an Níl ar snámh le froganna; tiocfaidh siad suas isteach i do theach agus i do sheomra leapa agus i dtithe do shearbhóntaí agus do mhuintire, isteach i do oighinn agus i do losaidí.

Ní sheasódh eagna ná tuiscint ná comhairle an fód in aghaidh an Tiarna.

Ná cuir mallacht ar an rí fiú i do chroí istigh; ná mallaigh lucht an tsaibhris ach oiread fiú i do sheomra codlata; óir b'fhéidir go n‑iompródh éanlaith an aeir do bhriathra chucu agus go n‑inseodh dúil sciathánach éigin an scéal.

Is mairg dóibh siúd a théann i bhfolach go domhain d'fhonn a seifteanna a cheilt ar an Tiarna, ag beartú a gcealga sa dorchadas agus á rá: “Cé fheiceann sinn ná cé aithníonn sinn?”

Beart má cheapann sibh, tá sé ó rath; focal má labhraíonn sibh, níl aon bhrí ann, mar tá Dia linne.

Go dearfa, ní dhéanann an Tiarna aon rud gan a rún a ligean lena sheirbhísigh, na fáithe.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí