Chonaic bráithreachas na bhfáithe (in Ireachó) uathu é, agus dúradar: “Tá spiorad Éilias luite ar Eilíseá,” agus thángadar ina araicis agus chromadar chun talún ina láthair.
Agus bráithreachas na bhfáithe i mBéitéil, thángadar amach go hEilíseá, agus dúradar leis: “An bhfuil a fhios agat go dtógfaidh an Tiarna do mháistir chun siúil ó do chúram inniu?” “Sea, tá a fhios agam,” ar sé. “Ceapaigí bhur suaimhneas.”
Agus bráithreachas na bhfáithe in Ireachó, thángadar go hEilíseá agus dúradar leis: “An bhfuil a fhios agat go dtógfaidh an Tiarna do mháistir chun siúil ó do chúram inniu?” “Sea, tá a fhios agam,” ar sé. “Ceapaigí bhur suaimhneas.”
Rinne bean duine de bhráithreachas na bhfáithe achainí chun Eilíseá. “Tá do shearbhónta, m'fhear céile, marbh,” ar sí, “agus tá a fhios agat cad é mar urraim a bhí ag do shearbhónta don Tiarna. Tá fear na bhfiach tagtha chun mo bheirt leanbh a bhreith leis le bheith ina ndaoráin aige.”
Tháinig Eilíseá go Gilgeál agus gorta sa tír. Bhí bráithreachas na bhfáithe ina suí os a chomhair agus dúirt sé lena shearbhónta: “Cuir síos an coire mór agus beirigh praiseach do bhráithreachas na bhfáithe.”
mhúch siad tinte craosacha, d'éalaigh siad slán ó bhéal an chlaímh, d'éirigh siad ó laige go láidreacht, bhí siad cróga sa chath agus chuir siad an ruaig ar shluaite eachtrannach.
Labhair teaghlach Iósaef le Iósua á rá: “Cén fáth nár thug tú dom ach aon chuid amháin, aon roinn amháin, mar oidhreacht, agus gur líonmhar iad mo mhuintir mar gur bheannaigh an Tiarna mé go dtí seo?”
Ach chuir lucht dhúiche chlann Dhán ina n‑aghaidh, agus ghabh clann Dhán ó thuaidh dá bhrí sin agus d'ionsaíodar Leisim; ghabh siad é agus d'imir faobhar claímh air. Thóg siad seilbh ar an gcathair agus chuir fúthu inti, agus d'athraigh siad a hainm ó Leisim go Dán, i gcuimhne a sinsir, Dán.
Chuir Sól giollaí chun Dáiví a ghabháil. Nuair a chonaic siad cuallacht na bhfáithe ag fáidheoireacht agus Samúéil ansiúd i gceannas orthu, tháinig spiorad Dé ar ghiollaí Shóil agus rinneadarsan fáidheoireacht chomh maith.