D'imigh Géichizí i ndiaidh Námán. Nuair a chonaic Námán é ag rith ina dhiaidh, phreab sé as a charbad le bualadh leis, agus dúirt: “An bhfuil gach ní ina cheart?”
Rith gan mhoill ina coinne agus cuir ceist uirthi: ‘An bhfuil tú ar fónamh? An bhfuil d'fhear céile ar fónamh? An bhfuil an leanbh ar fónamh?’ ” D'fhreagair sí: “Tá.”
dúirt Géichizí, searbhónta Eilíseá, leis féin: “Is bog a scaoil mo mháistir leis an Arámach seo mar nár ghlac sé lenar ofráil sé dó. Dar an Tiarna beo, rithfidh mé ina dhiaidh agus gheobhaidh mé rud éigin uaidh.”
Agus d'fhreagair seisean: “Tá gach ní ina cheart. Chuir mo mháistir chugat mé lena rá: ‘Tháinig beirt ógánach de bhráithreachas na bhfáithe chugam anois díreach ó ardáin Eafráim; tabhair dóibh tallann airgid, le do thoil (agus dhá éide aonaigh).’ ”