I ruathar dá gcuid thug na hArámaigh cailín beag as Iosrael ina príosúnach leo agus bhí sí ag freastal ar bhean chéile Námán.
Fuair Eilíseá bás, agus adhlacadh é. Bhíodh díormaí Móábach ag déanamh ionraidh ar an tír gach [bliain].
Agus dúirt sí lena máistreás: “Uch nach leis an bhfáidh sa tSamáir atá mo mháistir, is cinnte go leigheasfadh sé óna lobhra é.”
Chóirigh sé béile breá dóibh agus nuair a bhí bia agus deoch caite acu scaoil sé chun siúil iad agus chuadar ar ais chun a máistir. Níor tháinig na hArámaigh ag creachadh críocha Iosrael as sin amach.
Mar shúile na ndaor ag faire ar lámha a dtiarna; mar shúile an chailín aimsire ag faire ar lámha a máistreása,
Chuir Aibímeilic agus a lucht leanúna go léir chun bealaigh dá bhrí sin i gcoim na hoíche, agus chuadar in eadarnaí ar Sheicim ina gceithre díormaí.