Óir is mar seo a labhraíonn an Tiarna, Dia Iosrael: ‘Ní bheidh an próca mine ídithe, ní bheidh an crúiscín ola folamh, nó go dtiocfaidh an lá a chuirfidh an Tiarna fearthainn ar aghaidh na talún.’ ”
Tháinig fearg ar an ngiolla Dé leis dá bharrsan. “Bhí sé de cheart agat é a bhualadh cúig nó sé huaire,” ar sé, “agus chloífeá Arám go hiomlán agus chuirfeá deireadh leis; anois ní bhrisfidh tú ar Arám ach trí huaire.”
D'imigh sí léi ansin agus dhún an doras uirthi féin agus ar a clann mhac; agus shíneadar na crúscaí chuici agus lean sí uirthi ag doirteadh na hola iontu.
As sin ar aghaidh, ón uair a d'itheadar cuid de thorthaí na tíre, níor thit an manna a thuilleadh; bhí clann Iosrael gan mhanna as sin amach, ach d'itheadar torthaí thír Chanán an bhliain sin.