Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Ríthe 4:5

An Bíobla Naofa 1981

D'imigh sí léi ansin agus dhún an doras uirthi féin agus ar a clann mhac; agus shíneadar na crúscaí chuici agus lean sí uirthi ag doirteadh na hola iontu.

Féach an chaibidil Cóip

6 Tagairtí Cros  

Nuair a thiocfaidh tú ar ais, dún an doras ort féin agus ar do chlann mhac, agus doirt an ola isteach sna crúscaí seo go léir agus cuir gach ceann i leataobh de réir mar a bheidh sé lán.”

Nuair a bhí na crúscaí lán, dúirt sí lena mac: “Sín chugam crúsca eile.” “Níl ceann eile ann,” ar sé léi. Ansin stad an ola.

Tháinig fearg ar Námán agus d'imigh sé leis á rá: “Shíl mé go dtiocfadh sé amach chugam, go ndéanfadh sin, agus go seasfadh sé amuigh ag glaoch ar ainm an Tiarna a Dhia, agus a lámh a shíneadh os cionn an bhaill agus an lobhar a leigheas.

Agus is méanar di seo a chreid go gcomhlíonfaí na nithe a dúradh léi ón Tiarna.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí