agus dúirt Éilias le hEilíseá: “Fan anseo, le do thoil, a Eilíseá, mar nach bhfuil an Tiarna do mo chur ach go Béitéil.” Ach d'fhreagair Eilíseá: “Dar an Tiarna beo, agus dar do bheo féin, ní fhágfaidh mé thú,” agus chuadar síos go Béitéil.
Dúirt Éilias leis: “Fan anseo, a Eilíseá, le do thoil, mar nach bhfuil an Tiarna do mo chur ach go Ireachó.” Ach d'fhreagair sé: “Dar an Tiarna beo, agus dar do bheo féin, ní fhágfaidh mé thú,” agus chuadar ar aghaidh go Ireachó.
Dúirt Éilias le hEilíseá: “Fan anseo, le do thoil, a Eilíseá. Níl an Tiarna do mo chur ach go dtí an Iordáin.” D'fhreagair sé áfach: “Dar an Tiarna beo, agus dar do bheo féin, ní fhágfaidh mé thú.” Agus chuaigh an bheirt acu ar aghaidh le chéile.