Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Ríthe 4:24

An Bíobla Naofa 1981

Ansin chuir sí an diallait ar an asal agus dúirt lena searbhónta: “Tiomáin leat! Ar aghaidh leat! Ná moilligh dom nó go ndéarfaidh mé leat é.”

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

D'éirigh Abrahám go moch ar maidin, chuir an diallait ar an asal, rug leis beirt dá shearbhóntaí agus a mhac Íosác. Ghearr sé an t‑adhmad don íobairt dhóite agus chuir chun bealaigh i dtreo na háite a dúirt Dia leis.

“Cuirigí an diallait ar an asal dom,” ar sé lena chlann mhac; chuireadar an diallait ar an asal dó dá bhrí sin agus chuaigh sé ar a mhuin.

Nuair a bhí bia agus deoch caite aige, chuir an fáidh an diallait ar an asal dó, agus [chas sé timpeall agus d'imigh leis].

“Cad ab áil leat chuige inniu?” a d'fhiafraigh sé, “níl sé ina ré nua ná ina shabóid.” Ach d'fhreagair sí: “Tá gach ní ina cheart.”

Chuir sí chun bóthair agus tháinig go dtí an giolla Dé ar Shliabh Chairmeil. Nuair a chonaic seisean uaidh í dúirt sé le Géichizí, a shearbhónta: “Féach, seo chugainn ár Siúnaemach!

Thóg Maois leis a bhean agus a mhac agus chuir ar muin asail iad agus ar ais leis chun na hÉigipte. Thug Maois slat Dé leis ina láimh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí