“Tabhair dom do mhac,” ar seisean. Thóg sé as a baclainn é, d'iompair chun an tseomra uachtaraigh é, an áit a raibh cónaí air féin, agus d'fhág sé ina luí ar a leaba féin é.
Tógaimis seomra beag ar an díon dó agus cuirimis leaba ann faoina choinne agus bord agus cathaoir agus lampa; uair ar bith dá dtagann sé chugainn, is féidir leis a scíste a dhéanamh ann.”
Chuir sí fios ar a fear agus dúirt: “Cuir duine de na searbhóntaí chugam le ceann de na hasail. Caithfidh mé brostú liom go dtí an giolla Dé agus ar ais arís.”
D'imigh sí léi ansin agus dúirt sí sin leis an ngiolla Dé agús d'fhreagair sé: “Imigh agus díol an ola agus díol d'fhiacha agus féadfaidh tú féin agus do chlann maireachtáil ar an bhfuílleach.”