Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Ríthe 4:2

An Bíobla Naofa 1981

Dúirt Eilíseá léi: “Céard a dhéanfaidh mé duit? Céard atá sa teach agat, inis dom?” “Níl sa teach ag do shearbhónta ach crúiscín ola,” d'fhreagair sí.

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

“Dar an Tiarna do Dhia beo,” a d'fhreagair sí, “níl builín aráin ar bith agam, níl ach glac mine i bpróca agus braoinín ola i gcrúiscín. Tá mé ag cruinniú cipín nó dhó anois roimh dhul isteach chun an méid sin a ullmhú dom féin agus do mo mhac le hithe, agus ansin gheobhaimid bás.”

Nuair a bhíodar ar an taobh thall, dúirt Éilias le hEilíseá: “Iarr cibé atá uait a dhéanfainn duit, sula mbaintear uait mé.” D'fhreagair Eilíseá: “Bíodh do spiorad faoi dhó mar oidhreacht agam, le do thoil.”

Ansin dúirt sé léi: “Téigh amach agus faigh iasacht crúscaí ó do chomharsana, crúscaí folmha, agus go leor díobh.

D'fhiafraigh an Tiarna de: “Cad é sin i do láimh agat?” “Slat,” arsa Maois.

Dúirt Íosa leo: “Cé mhéad builín atá agaibh?” “Tá a seacht,” ar siadsan, “agus tá beagán mioniasc.”

Ach dúirt Peadar leis: “Níl ór ná airgead agam, ach an ní atá agam bronnaim ort é: in ainm Íosa Críost an Nazórach, siúil.”

Tá ainm an bhróin orainn agus sinn i gcónaí lúcháireach; tá ainm an bhochtanais orainn agus sinn ag saibhriú na sluaite; tá ainm an dealúis orainn agus an uile ní inár seilbh againn.

Éistigí, a bhráithre ionúine, nach iad an mhuintir atá bocht os comhair an tsaoil a thogh Dia le bheith saibhir sa chreideamh agus le bheith ina n‑oidhrí ar an ríocht a gheall sé dóibh siúd a thugann grá dó?




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí