Ach ghabh an bhean gin agus rug sí mac um an dtaca sin an t‑earrach a bhí chucu faoi mar a dúirt Eilíseá léi.
Thug an Tiarna cuairt ar Shárá mar a dúirt sé, agus rinne sé di mar a gheall sé.
“Bliain ón am seo,” ar seisean, “beidh mac i do bhaclainn agat.” “Cuir uait, a thiarna, a ghiolla Dé; ná hinis bréag do d'ionailt.”
Nuair a bhí an leanbh fásta chuaigh sé amach lá chuig a athair a bhí in éineacht leis na buanaithe.
Tugann sé sliocht sa teach don bhean gan leanbh; go mbíonn ina máthair chlainne faoi áthas.
Agus féach, Eiliosaibeit do bhean ghaoil, ghabh sise mac freisin ina seanaois, agus is é seo an séú mí aici siúd a dúradh a bheith aimrid.
Trí chreideamh freisin fuair Sárá féin neart chun mac a ghabháil d'ainneoin go raibh sí thar an aois chuige. Óir chreid sí gurbh iontaofa an té a thug an gealltanas uaidh.