Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Ríthe 3:7

An Bíobla Naofa 1981

Ansin chuir sé scéala go dtí (Iahóiseáfát) rí Iúdá: “Tá ceannairc déanta ag rí Mhóáb i m'aghaidh. An rachaidh tú liom chun cath a chur ar Mhóab?” “Déanfaidh mé,” d'fhreagair sé; “táimse chomh hullamh leatsa, mo chuid fear le do chuidse, m'eachra le d'eachra.”

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

Dúirt sé le Iahóiseáfát: “An dtiocfaidh tú liom chun troda ag Rámot Gileád?” D'fhreagair Iahóiseáfát rí Iosrael: “Táimse chomh hullamh leat féin, mo mhuintir le do mhuintirse, agus m'eachra le d'eachra.”

Fuair Eilíseá bás, agus adhlacadh é. Bhíodh díormaí Móábach ag déanamh ionraidh ar an tír gach [bliain].

Ghluais Iahórám gan mhoill ón tSamáir amach agus thionóil sé Iosrael go léir.

Ansin d'fiafraigh sé: “Cén bealach a ghabhfaimid?” D'fhreagair Iahórám: “Trí fhásach Eadóm.”

Chuir siad chun bóthair dá bhrí sin, rí Iosrael, rí Iúdá, agus rí Eadóm. Ghabhadar timpeall mór ar feadh seacht lá go dtí nach raibh uisce fágtha do na saighdiúirí ná do na beithígh iompair a lean iad.

Chuir Acháb rí Iosrael ceist ar Iahóiseáfát rí Iúdá: “An dtiocfaidh tú liom go Rámot Gileád?” D'fhreagair Iahóiseáfát: “Táimse chomh hullamh chun catha leat féin, agus mo mhuintirse le do mhuintirse.”

Ghabh Iéahú mac Hanáiní, an físí, amach ina choinne, agus dúirt sé leis an rí Iahóiseáfát: “Ar chóir duit lámh chúnta a thabhairt don choirpeach? Ar chóir duit grá a thabhairt dóibh siúd ar fuath leo an Tiarna agus a fhearg a thabhairt sa mhullach ort dá bharrsan?




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí