Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Ríthe 3:6

An Bíobla Naofa 1981

Ghluais Iahórám gan mhoill ón tSamáir amach agus thionóil sé Iosrael go léir.

Féach an chaibidil Cóip

6 Tagairtí Cros  

Bhí clann Iosrael chomh maith cruinnithe agus lón acu agus ghabhadar amach ina gcoinne. Shuigh clann Iosrael a gcampa os a gcomhair agus iad mar a bheadh dhá thréad bheaga gabhar ann, ach an dúiche go léir ar snámh le hArámaigh.

Nuair a fuair Acháb bás, rinne rí Mhóáb ceannairc in aghaidh rí Iosrael.

Ansin chuir sé scéala go dtí (Iahóiseáfát) rí Iúdá: “Tá ceannairc déanta ag rí Mhóáb i m'aghaidh. An rachaidh tú liom chun cath a chur ar Mhóab?” “Déanfaidh mé,” d'fhreagair sé; “táimse chomh hullamh leatsa, mo chuid fear le do chuidse, m'eachra le d'eachra.”

Rinne sé iad a iniúchadh ag Beizic; bhí trí chéad míle de chlann Iosrael ann agus tríocha míle fear ó Iúdá.

Rinne Sól an pobal a thionól agus á áireamh i dTaláím, dhá chéad míle coisí, agus deich míle d'fhir Iúdá.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí