Gabhfaidh sibh gach cathair dhaingean (agus gach cathair thofa) de ruathar, leagfaidh sibh gach crann folláin, dúnfaidh sibh gach tobar fíoruisce, agus scriosfaidh sibh gach gort maith le clocha.”
“Oscail an fhuinneog thoir,” ar sé, agus d'oscail sé í. Ansin dúirt Eilíseá: “Scaoil an tsaighead,” agus scaoil. Dúirt sé ansin: “Saighead bua an Tiarna, saighead an bhua ar Arám. Brisfidh tú glan ar Arám ag Afaec.”
Scartáil siad na cathracha agus chaith gach fear cloch isteach i ngach gort fónta á líonadh, agus dhúnadar gach tobar fíoruisce agus leagadar gach crann folláin. Chreachadar Móáb go dtí nach raibh fágtha i gCír Harasat ach na clocha agus rinne an lucht diúraicthe é a thimpeallú agus a ghabháil.
Feicim é - ach ní anois é; faighim radharc air - ach ní láimh liom é: Faigheann réalta ó Iacób an cheannasaíocht; Éiríonn slat ríoga as Iosrael. Bascann sé malaí Mhóáb agus cloigne uile chlann na geona.
Téigh anois agus buail Amáiléic agus cuir é féin agus a bhfuil aige faoin mbang. Ná tabhair anacal dó, ach scrios é idir fhear agus bhean, leanbh agus bhunóc, dhamh agus chaora, chamall agus asal.’ ”
Chuaigh Dáiví i gcomhairle leis an Tiarna: “An rachaidh mé agus cath a chur ar na Filistínigh seo?” D'fhreagair an Tiarna Dáiví: “Téigh agus cuir cath ar na Filistínigh agus fuascail Ceíleá.”