mar deir an Tiarna: ‘Ní fheicfidh sibh gaoth ná baisteach, ach líonfar an com seo d'uisce, agus ólfaidh sibh féin agus bhur saighdiúirí agus bhur mbeithígh iompair deoch as.”
Féach! beidh mé i mo sheasamh ansiúd ar an gcarraig romhat (i Horaeb). Buail an charraig agus snífidh uisce aisti le hól ag an bpobal.” Agus rinne Maois amhlaidh i láthair sheanóirí Iosrael.
Ní raibh tart orthu agus iad á gcinnireacht tríd an bhfásach aige; chuir sé uisce ag scairdeadh as an gcarraig dóibh, scoilt sé an charraig agus bhrúcht an t‑uisce amach aisti.