Bhí gorta mór sa tSamáir agus bhí an léigear chomh dian go raibh ceann asail á dhíol ar ochtó seicil airgid, agus ceathrú cab [d'iniúin fhiáine] ar chúig seicil airgid.
Tabharfaidh mé orthu feoil a mac agus a n‑iníonacha féin a ithe; íosfaidh siad a chéile i rith an léigir, sa chruóg lena gcúnglóidh a naimhde iad le fonn a maraithe.”
Ansin d'ordaigh Zidicíá an rí go gcuirfí Irimia i láimh i gCúirt an Gharda agus go dtabharfaidís dó gach lá bollóg aráin as Sráid na bhFuinteoirí chomh fada agus a bheadh arán fágtha sa chathair. Mar sin d'fhan Irimia i gCúirt an Gharda.
“Is mar seo a deir an Tiarna: ‘Cibé duine a fhanfaidh sa chathair seo éagfaidh sé leis an gclaíomh, leis an ngorta agus leis an bplá; ach cibé duine a fhágfaidh í agus a ghéillfidh do na Caildéigh mairfidh sé; tabharfaidh sé a anam leis.’
“Seo mar a deir an Tiarna: Nach mó fós a tharlóidh nuair a ghearrfaidh mé mo cheithre phionós nimhneacha ar Iarúsailéim - an claíomh, an gorta, ainmhithe allta agus an phlá - ionas go scriosfar ann gach fear agus ainmhí!
Dá bhrí sin íosfaidh bhur n‑aithreacha a mic in bhur measc agus bhur mic a n‑aithreacha; cuirfidh mé breithiúnas i bhfeidhm oraibh agus scaipfidh mé an t‑iarmhar i dtreo na n‑uile ghaoth.
Éagfaidh trian daoibh den phlá agus den ghorta istigh, titfidh trian leis an gclaíomh máguaird, agus scaipfidh mé trian leis na gaotha uile agus an claíomh ar tarraingt agam ina ndiaidhsean.
“Tá an claíomh amuigh; tá an phlá agus an gorta istigh. An duine sa pháirc, éagfaidh sé leis an gclaíomh; an duine sa chathair, maróidh an gorta agus an phlá é.
Brisfidh mé bhur dteannta aráin agus beidh deichniúr ban chun arán a bhruith san aon oigheann; dáilfidh siad an t‑arán sin ina thomhaisíní, agus íosfaidh sibh é ach beidh ocras tar éis altaithe oraibh.
Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: “Beidh troscadh an ceathrú agus an cúigiú agus an seachtú agus an deichiú mí ina n‑ábhar áthais agus lúcháire agus ina bhféilte aoibhnis do theaghlach Iúdá. Dá bhrí sin, gráigí an fhírinne agus an tsíocháin.”