Chuir Forann fios ar Iósaef ansin agus thugadar leo láithreach bonn as an gcarcair é. Bhearr sé é féin, chuir malairt éadaigh air féin agus tháinig i láthair Fhorainn.
Dúirt Dáiví leis: “Ná bíodh eagla ort; taispeánfaidh mise cineáltas duit ar son d'athar Iónátán agus déanfaidh mé fearann uile d'athar, Sól, a thabhairt ar ais duit agus íosfaidh tú i gcónaí ag mo bhord.”
Ach maidir le clann mhac Bhairzilí ó Ghileád, bí lách leo faoi mar a bhíodarsan lách liomsa nuair a bhí mé ag teitheadh ó do dheartháir Aibseálóm, agus lig dóibh suí chun boird le do chuideachta.
Ansin ghéill Iahóiácaín rí Iúdá do rí na Bablóine, é féin, a mháthair, a oifigigh, a uaisle agus a choillteáin, agus chuir rí na Bablóine i mbraighdeanas iad. Ba é sin an t‑ochtú bliain de réimeas Nabúcadnazar.
agus bláthfhleasc in ionad luaithrigh, ola na lúcháire in ionad éide an bhróin, moladh in ionad éadóchais. Goirfear dóibh Crainn na Córa, a chuir an Tiarna i dtalamh ar mhaithe lena ghlóir.
Thug an t‑aingeal an t‑ordú seo a leanas dá lucht freastail: “Bainigí na héadaí salacha de.” Dúirt sé le Iósua ansin: “Féach, conas mar atá mé tar éis do chuid urchóide a thógáil díot agus gléasfaidh mé thú in éadaí taibhseacha.”
Ach dúirt an t‑athair lena sheirbhísigh: ‘Beirigí amach gan mhoill an éide is uaisle agus cuirigí air í, agus cuirigí fáinne ar a mhéar agus cuaráin ar a chosa,